Print

Gaeilge

Cultúr agus Oidhreacht na Gaeilge

Is acmhainní láidre iad cultúr agus oidhreacht na Gaeilge i gColáiste Iognáid. Is í an aidhm atá againn iad seo a chaomhnú agus a neartú i saol na scoile. Eascraíonn an traidisiún láidir seo i stair an choláiste. Sa bhliain 1926 b’éigean don scoil dúnadh de bharr easpa maoiniú agus titim i líon na scoláirí. Sa bhliain 1929 rinne na hÍosánaigh cinneadh an scoil a athoscailt mar Choláiste Iognáid le béim faoi leith ar an nGaeilge agus ar an gcultúr.

Athosclaíodh an scoil le 76 scoláire ar an rolla. Bhí éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag an am agus d’éirigh thar barr leis an gcinneadh seo. Faoi 1932 bhí an teagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Leantar le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir ó shin i leith i gColáiste Iognáid. Tugann an scoil deis do na scoláirí iad féin a chur chun cinn i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge. Is féidir cur le cumas labhartha agus scríofa na Gaeilge chomh maith le heolas agus blaiseadh a fháil ar chultúr na Gaeilge. Tá sraith Gaeilge i ngach bliain sóisearach sa choláiste agus is trí mheán na Gaeilge a mhúintear iad.

Is buntáiste mór go bhfuil líofacht láidir Gaeilge i measc na foirne agus ní haon iontas an Ghaeilge a chloisteáil go rialta i measc phobal na scoile. Léirítear láidreacht an chultúir agus na teanga in imeachtaí na scoile. Déantar chuile iarracht an Ghaeilge agus an cultúr a spreagadh in imeachtaí na scoile. Glacann na scoláirí páirt i réimse leathan imeachtaí m.sh. díospóireachtaí, feiseanna ceoil, drámaí, ceolchoirmeacha, ceol agus damhsaí Gaelacha agus cluichí Gaelacha. Is páirt lárnach í an traidisiún Gaelach agus tugtar aire faoi leith don ealaín thraidisiúnta seo in imeachtaí na scoile. Mar aon leis seo, múintear rincí Gaelacha sa ceathrú bliain mar chuid de chlár na hidirbhliana.

Eagraíonn an scoil raon leathan imeachtaí le linn sheachtain na Gaeilge ina n-éiríonn linn deis a thabhairt do na scoláirí agus don fhoireann ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga agus ar ár dtraidisiún. Cuirtear eolas ar fáil do scoláirí ar mian leo freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht nó cúrsaí sa chathair. Ó thráth go chéile cuirtear scoláireachtaí Gaeilge ar fáil i gcomhpháirtíocht le Coláistí Gaeilge a bheadh sásta an tairiscint sin a dhéanamh. Nochtann na rudaí seo ar fad dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus cuirtear íomhá chomhaimseartha na teanga ar fáil do na scoláirí agus don fhoireann trí nasc a chothú idir teanga agus cultúr sa rang in imeachtaí na scoile.

Feidhmíonn an scoil mar thaca agus mar fhoinse threorach don Ghaeilge agus don chultúr. Is í aidhm na scoile an Ghaeilge agus an cultúr a chur chun cinn agus a fhorbairt i saol na scoile. Is léir go bhfuil an Ghaeilge sofheicthe i saol na scoile agus go dtacaítear leis an gcultúr Gaelach. Is tuar dóchais é seo dúinn san am atá romhainn agus deis a thabhairt do phobal na scoile an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge, ar cuireadh tús leis i 1929, a chaomhnú i gColáiste Iognáid.

Special Merit

Breaking News

Cross Country


Best of luck to Maebh Brannigan in the upcoming all irelands and well done to all in the recent...


Read more...

Success in the Pool

The Jes Water Polo and Swimmers have had grea success in pool. The Senior Boys won the Irish...


Read more...

IIG Enneagram Weekend Course

Sat. 25TH 9.30am - 4.30pm and
Sun. 26TH 9.30am -12.45pm

The course is facilitated by Myles...


Read more...

Hockey Update

Coláiste Iognáid 5 - Salerno 0

Colaiste Iognaid qualified for the Connacht Senior Schools Palmer...


Read more...

Girls Gaelic Football Update

The U-14's have won all their group games this season and are into the knockout stage for the...


Read more...

Congratulations to Jes Debaters


Eoghan Finn was declared Champion and Daragh McCarthy, Franc O’Neill, Ross Gorey, Jack...


Read more...

Senior Boys’ Basketball Return to All-Ireland Playoffs

Following a one-year absence last year the Senior Boys’ Basketball Team is once againback in the...


Read more...

Business Studies Teachers Association of Ireland (BSTAI)

Congratulation to the following students who have been invited to an Awards Ceremony hosted by


Read more...

Irish EU Science Olympiad

Congratulations to

Peter Silke

Who was short listed for the

Irish EU Science Olympiad.

Best of luck...


Read more...

Irish Mathematical Olympiad

Congratulations to the following students who have qualified in the

Irish Mathematical...
Read more...

The Jes win the Trinity ‘Pro-Am’ Senior National Mace Debate

Andrew Forde teamed up with ex Jes studentCiaran Garrett (2009) to win the inaugural Trinity...


Read more...

Hockey News

Six Jes Under 18 hockey players have been chosen by Irish Hockey for development and assessment...


Read more...

Pan Pan at Black Box

Eight Transition Year students will join the Pan Pan Theatre on Weds.30th and Thurs 1st Dec. at...


Read more...

CSPE Speakers

Roisin Mullez arranged for Colm O'Gorman, Director of amnesty International to speak to the...


Read more...

Jes Players on West Girls' Regional Team

Congratulations to Sophie Coll and Catherine Connaire, who have been selected for the West Girls...


Read more...

Senior Hockey win Heskin Cup 2011

Coláiste Iognáid Senior Hockey Squad beat Salerno, Dominican Convent and Sligo Grammar to retain...


Read more...

Debating Win

The Coláiste Iognáid debating society started the new school year in style on Saturday with a...


Read more...

Girl's Gaelic Football

The Jes U-14 girls gaelic football team got their championship campaign off to a winning start...


Read more...

'Jes Girls' make Connacht Hockey Squad

Following over 30 hours of training during the summer months, the Connacht Hockey Squads has...


Read more...

Jes Voices Album

Attempting to reflect the life and times of Coláiste Iognáid on a compact disc is a daunting...


Read more...

A New Era at the Jes


School Refurbishment and Extension
The School refurbishment and extension is back on track after...


Read more...

Jes Past Pupils' Union